Main menu:
Beannachtaí
na Cásca
Tá Scoil Bhreandáin suite i nGaeltacht Iorrais. Sráidbhaile beag is ea é Eachléim atá 16 km ó Bhéal an Mhuirthead i gContae Mhuigheo. Is áit álainn é a bhfuil cáil air i dtaobh na hoileáin amach ón gcósta, na radharcanna áille agus an chúltúr Gaelach.
Tá dhá thrá “Blue Flag” sa cheantair scoile – Cuan Oiligh agus Mullach Rua.
Is iad an t-iascaireacht agus an feirmeoireacht na slite beatha atá ag formhór na ndaoine sa cheantar seo. Tá cuid acu ag braith ar an turasóireacht agus ar na coláistí Gaeilge freisin.
Tógadh ár scoil i 1964. Cuireadh an t-ainm Scoil Bhreandáin air mar bhí ceangail láidir ag Naomh Breandáin leis an áit - Eachléim. Bhí mainistir aige fadó ar Inis Glóire – oileán atá dhá mhíle siar ó thuaidh amach ón gcósta.
Tá 63 daltaí sa scoil faoi láthair. Tá ceithre mhúinteoirí ranga ann agus múinteoir thacaíocht foghlama.