Main menu:
2006/2007 > R. 5 & 6 > Cóineartú 2007
I gcomhair an Cóineartú, rinne muid colmcille, pictiúirí, aingil agus go leor rudaí eile. Rinne muid rudaí eile chomh maith, na tabhartais agus na torthaí, agus rinne muid na ‘Beatitudes’ freisin. Rinne muid pictiúr mór de choinneal. Rollaigh muid na paipéir isteach i liathroidí agus chuir muid ar chairtclár iad. Bhí sé go h-álainn. Rinne an rang go leor rudaí. Tá planda sa seomra agus chuir muid na tabhartais agus na torthaí air. Tharraing muid agus dathaigh muid go leor éin. Tháinig an bheanrialta go dtí an scoil. Bhí sí an-sásta linn agus na rudaí a rinne muid i gcomhair an Cóineartú. Chan muid “Come Holy Spirit”, “Móradh Dhuit”, “ What the Spirit Brings” agus “Deus Meus Adiuva Me” i gcomhair an bheanrialta.
le Éilís
Bhí an Cóineartú ar an 18.5.07 ag a sé a chlog. Chuaigh mé go dtí an gruagaire ar a ceathar a chlog. Bhí mise agus mo chara Melissa inár suí ansin. Bhí na cailíní ag déanamh ár ngruaig agus chuaigh an leictreachas as. Bhí orainn dul suas go dtí mo theach mar is gruagaire í mo dheirfiúr so rinne sí ár ngruaig, mar bhí ‘generator’ aici. Chuaigh gach rud go maith ag an tAifreann. Bhí mise ag ófrail pictiúir. Tar éis sin, chuaigh mise agus mo chlann go dtí Óstán Broadhaven. Bhí an béile go hálainn. Bhí mo chara Clár ansin agus bhí an-craic againn.
le Caitríona