Main menu:
2008/2009 > Ócáidí Eile
Cuir "Volume" ar siúl, led' thoil
Ghlac Scoil Bhreandáin páirt sa Pharáid do Lá Fhéile Pádraig ar an Eachléim.
Bhí an-obair ar siúl sa scoil ag ullmhú don lá úd!!!
An téama a bhí againn i mbliana ná
"Scoil Glas le Blas Nádúrtha".
Bhí na páistí beaga gléasta suas i rudaí ath-chúrsáilithe - féach ar na griangrafanna go bhfeicfidh tú!!!
Bhí an banna ceoil gléasta suas freisin.
Sheinn siad roinnt maith máirseáileanna.
Bhain chuile dhuine, idir lucht féachana agus na daoine a bhí páirteach ann, an-taitneamh as an bParáid.
Go mbeirimid beo ar an am seo arís!



