Scoil Breandain, Eachleim


Go to content

Main menu:


Scoil Glas le Blas Nádúrtha!

Brat Glas > Brat 1


Rinneamar taighde sa scoil ar bhrúscar agus dramhaíle. Fuair muid amach go raibh 20kg páipéar agus 35kg dramhaíl in aghaidh na seachtaine. Chuireamar suas fógraí timpeall na scoile faoin mBrat Glas. Tá suíomh buan ag an mBrat Glas i lár an halla. An mana atá againn ná,
"Scoil glas le blas nádúrtha".

Rudaí Eile don mBrat Glas

Fuair muid múireadóir nua (composter) sa scoil. Cuireann muid an múirín isteach ann chuile Aoine. Meascann muid suas an cuid glas agus donn go maith.
Tá 'paper shredder' nua againn san scoil. Tá muid ag úsáid é gach seachtain agus tugann páistí difriúla na "shreddies" abhaile leo chun é a chur faoi na ba, na capaill 7rl.
Tá na múinteoirí tosaithe ag usáid dhá thaobh an pháipéir fótócoipeála chomh minic agus is féidir.
Tógann na páistí abhaile a ndrámhaíle lóin gach lá. Ta an triú bhosca don mhúirín i ngach seomra.
Tá leathanach idirlín ag an mbrat glas ar suíomh idirlín na scoile.
Rinneamar cairteanna agus grafanna dár gcuid taighde.
Tá muid ag cur síolta do bhláthanna i gcuile seomra.

Déanfar athbhreithniú ar an obair go léir an mhí seo chugainn (Aibréan).


Eachléim, Clochar, Béal Átha an Fheadha, Co. Mhaigheo, Eire +353 (0)97 85800 | eolas@eachleim.com

Back to content | Back to main menu