Main menu:
Brat Glas > Brat 1
I Meitheamh, chuir muid tús le “Scoileanna Glasa” inár scoil nuair a bhunaigh muid an coiste. Thogh na páistí duine amháin ó gach rang. Bhí ar gach páiste a bhí ag vótáil scéilín beag a scríobh faoin duine a bhí siad ag piocadh.
Toghadh Máire, Clár, Darragh, Bríd agus Ivan. Tá siad le feiceáil anseo leis na múinteoirí. Ar aghaidh linn!!
Spriocanna an Bhrat Glais
Ag an tús tháinig muid le chéile agus labhair muid faoin mbrat glas. Tháinig an tSiúr Máirín chun labhairt leis na páistí faoi. As seo, phiocamar coiste, páiste amháin ó gach rang síos go dtí rang a haon. Scríobh páistí ranganna 3-6 síos cén fath ar mhaith leo a bheith ar an gcoiste agus a rogha duine a phiocadh. Chomh maith le sin tá na múinteoirí go léir ar an gcoiste.