Main menu:
2007/2008 > Ócáidí Eile
Díreach ag deireadh na scoilbhliana 2006/07, bhí Bronnadh na nDuaiseanna againn sa scoil. Bhuaigh na páistí boinn agus trófaithe de bharr rásaí a bhuaigh siad ar an Lá Spóirt agus sa Pheil.
Chomh maith le sin, fuair Liam, Dylan agus Caolán boinn mar níor chaill siad ach lá amháin i rith na bliana. Fuair Melissa, Bríd, Séamus, Darragh agus Cormac trófaí an duine mar bhí lán-tinreamh acu – íontach!!
Bronnadh trófaí agus uaireadór ar Mhelissa mar níor chaill sí lá ar bith i rith a tréimhse ar scoil – ocht mbliana ar fad! Bhí a pictiúr agus alt scríofa fúithi sa ”Western People” an tseachtain sin freisin.
Comhghairdeas mór di!